Beir go dtí an t-alt féin mé

Seachtain na Cásca

21ú Aibreán, 2014

Seo scéal eile ón leabhar céanna gasúr. Ó tharla gur Luan na Cásca atá ann, roinnfidh mé libh é.

Bhí muintir an tí ina suí cois tine. Bhí Mamaí agus cniotáil, agus bhí Daidí ina shuí ina chathaoir féin le hais an lampa agus é ag léamh an pháipéir. Chuir sé an páipéar uaidh ar ball, agus tharraing chuige a phíopa, agus bhí a fhios ag na leanaí go raibh uair na scéalaíochta tagtha. D’éirigh Síle agus dhearg sí an píopa dó. Nuair a bhí Daidí ag tarraingt an phíopa ar a shocracht, shuí Síle ina ucht agus chuir a dá láimh thar a mhuinéal.

“Inis scéal dúinn, a  Dhaidí,” ar sise.

“Inis scéal dúinn nár chuala muid riamh cheana,” arsa Nóra.
“Is fearr liomsa na seanscéalta,” arsa Síle.
“Inis dúinn i dtaobh Seachtain na Cásca,” arsa Tomás.
“Tá an scéal sin cloiste agaibh go minic cheana.”
“Is cuma sin,” arsa Síle. “Inis arís é, más é do thoil é.”

“Bhuel, a chroí, bhí Éire faoi smacht na nGall san am sin. Ní raibh cead againn dlíthe a dhéanamh dúinn féin, ná arm a bheith againn chun muid féin a chosaint. Bhí rialtas Gallda i réim i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí oideachas Gallda dá thabhairt do na leanaí sna scoileanna. Bhí an Ghaeilge ag meath, agus an Béarla ag dul i dtreise ar fud na tíre. Ba dhóigh le duine go raibh deireadh leis an spioraid agus leis an meanmain is dual do Ghaeil.
Shocraigh Pádraig Mac Piarais agus na taoisigh eile gur cheart troid a dhéanamh chun saoirse na hÉireann a bhaint amach. D’éirigh muid amach maidin Luain Chásca agus ghluais muid trí shráideanna Bhaile Átha Cliath. Ghabh muid Ard-Oifig an Phoist agus tithe móra eile sa gcathair.”
“An mó duine díbh a bhí ann?” arsa Seáinín.
“Ní raibh ann dínn, a chroí ach timpeall míle fear. Ba shuarach an méid é chun troid a dhéanamh i gcoinne Impireacht na nGall. Ní raibh ach naonúr fear ag cosaint an droichid ag Sráid an Mhóta – an áit ba dhéine ina raibh an troid.”
“Tá a fhios agamsa cá bhfuil Sráid an Mhóta,” arsa Seáinín. “Thaispeáin Tomás dom é an lá faoi dheireadh. Tá dealbh cuimhneacháin ar an droichead.”
“Is maith an ceart dealbh cuimhneacháin a bheith ann,” arsa Daidí. “Rinne an naonúr sin troid chomh calma le haon troid dár rinneadh riamh ar thalamh na hÉireann.”
“Cá raibh tú féin ag troid?” arsa Máirín.
“Bhí mise in Ard-Oifig an Phoist, a chroí – an áit a raibh Pádraig Mac Piarais agus Séamus Ó Conghaile i gceannais.”
“Tá a fhios agamsa an chéad ní a rinne sibh,” arsa Seáinín. “Chuir sibh brat na hÉireann ar bharr an tí.”
“Rinne muid sin, agus ansin cuireadh Fórógra amach, ag fógairt saoirse na hÉireann.”
“Léigh an máistir an Forógra sin dúinn ar scoil,” arsa Tomás. “Mar seo a thosnaíonn sé; ‘A Fheara agus a Mhná Éireann: in ainm Dé agus sluaite na Marbh…'”
“Ná bí ag cur isteach ar Dhaidí,” arsa Síle. “Lig dó an scéal a inseacht dúinn.”
“Níl mórán eile le n-inseacht,” arsa Daidí. “Bhí an namhaid róláidir dúinn. Ní raibh ach míle fear againne agus bhí neart agus cumhacht na hImpireachta inár gcoinne. Rinne an namhaid fáinne de ghunnaí agus de shaighdiúirí inár dtimpeall. B’éigean dúinn géilleadh. Lámhachadh na taoisigh a bhí orainn. Lámhachadh Pádraig Mac Piarais agus a dheartháir, Liam Mac Piarais, agus lámhachadh Tomás Ó Cléirigh agus Tomás Mac Donnchadha.”
“Agus lámhachadh Séamus Ó Conghaile,” arsa Tomás, ” cé go raibh sé i riocht báis cheana féin.”
“Céard a bhain dó?” arsa Seáinín.
“Gortaíodh in Ard-Oifig an Phoist é. Ní raibh ann siúl ná seasamh, agus b’éigean do na Gaill é a iompar amach ar chathaoir chun é a chur chun báis.”
“Ba ghránna an gníomh é sin,” arsa Síle.
“Lámhachadh cúig dhuine dhéag ar fad,” arsa Daidí, “agus cuireadh an chuid eile againn i bpriosún thar lear.”
“Agus ar bhain sibh amach saoirse na hÉireann?” arsa Máirín.
“Níor bhaineamar, den iarracht sin. Ach mhúscail muid spioraid agus meanma i muintir na hÉireann, i dtre is gur lean siad den troid i gcoinne na nGall, agus gur ruaigeadar as an tír iad.”
Chuir Mamaí uaithi an stoca agus d’fhéach sí ar an gclog.
“Tá sé in am codlata, a chlann ó,” ar sis.
Nuair a bhí na leanaí ag dul a chodladh, labhair Seáinín as a mhachnamh.
“Nuair a bhead-sa mór,” ar seisean. “Beidh mé i mo shaighdiúr in arm na hÉireann. Beidh muscaod agam agus inneall-ghunna. Beidh mé ag máirseáil agus ag driolláil gach lá, agus má thagann aon namhaid an treo, beidh mise ullamh dó.”

From → Gan rang

Freagra