Cheannaigh mé ríomhaire nua ag tús na bliana agus tá mé ag aistriú comhad agus fillteán ón Acer a bhí agam ó thosaigh mé ar an gcoláiste cúig bliana ó shin chuig an Macbook nua. Tá mé th’éis teacht ar go leor rudaí spéisiúla, seanghrianghraifeanna agus measúnachtaí ón gcéad bhliain agus araile ach i measc na gcomhad uileog bhí an cháipéis seo: Focal Off.
Ghlac mé páirt go rialta in imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh agus i rith Sheachtain na Gaeilge reáchtáladh cluiche “Focal Off”, a bunaíodh ar an gclár teilifíse “Countdown”. Sa gcáipéis a fuair mé bhí rialacha an chluiche mar a scríobh mé an t-am sin iad. D’imir dhá fhoireann – mic léinn agus léachtóirí – in aghaidh a chéile de réir na rialacha seo a leanas. Faraor géar ba ag na léachtóir a bhí an lá. Ní cuimhneach liom go baileach cé méid litir a bhí sna boscaí (gutaí, consain agus séimhithe) ach seo chugaibh na rialacha ar aon chaoi:
Seo scéal eile ón leabhar céanna gasúr. Ó tharla gur Luan na Cásca atá ann, roinnfidh mé libh é.
Seo scéal Bhriain Bóirimhe as leabhar gasúr atá agam:
Scríobh mé an t-alt faoi mhíonna na bliana aréir agus chuir sé ag smaoineamh mé faoi ábhar eile a pléadh le gairid, ar an ábhar céanna: laethanta na seachtaine. D’imir an Chríostaíocht an-tionchar go deo ar hainmneacha Gaeilge mar a fheicfidh muid.
Dé Domhnaigh (An Domhnach)
Is ainm Laidine é seo a d’eascair ó domus (teach) > dominus (tiarna) agus a chiallaíonn mar sin Lá an Tiarna. D’athraigh ciall an fhocail ‘Domhnach’ arís agus feictear é i logainmneacha na tíre seo anois leis an gciall ‘séipéal’. Tá ceannáras RTÉ lonnaithe i nDomhnach Broc, mar shampla. Is é an Domhnach an Sabóid “Cuimhnigh ar an tSabóid agus coinnigh naofa í” – an lá ba cheart do Chríostaithe freastal ar an Aifreann. Dar leis an mBíobla is é seo an seachtú lá sa tseachtain ach de réir fhormhór na dteangacha Eorpacha eile tosnaíonn an tseachtain ar an Domhnach (tá a fhios againn é seo toisc go dtugtar uimhreacha ar na laethanta sna teangacha sin).
Dé Luain (An Luan)
Tá dhá theoiric ann maidir leis an gceann seo. Táthar ann a deir gur aithris ar an Laidin atá ann. Ciallaíonn luna na Laidine ‘an ghealach’ agus tugtar lunae dies (lá na gealaí) ar an lá sa Laidin. Roimh lunae dies tháinig dies solis (lá na gréine). In ómós dhéithe na gealaí is na gréine a ainmníodh na laethanta seo sa Laidin. Is focal ón MeánGhaeilge é ‘luan’ a chiallaíonn ‘gealach’ mar sin ‘lá. Is í an ghealach siombail an Luain de réir na hastrálaíochta.
An teoiric eile atá ann maidir le ‘Luan’ ná gurb ionann Lá Luain agus Lá an Bhreithiúnais. Ceaptar go dtiocfaidh deireadh leis an domhan ar Dhomhnach agus mar sin déanfar breithniúnas ar anam na marbh an lá dár gcionn – Dé Luain. Sílim féin go bhfuil bunús leis seo ach gur droim ar ais atá sé – rinneadh aithris ar Luna na Laidine i dtosach agus tháinig an scéal faoi Lá an Luain ina dhiaidh sin.
Dé Máirt (An Mháirt)
Mar a phléigh mé sa mír ar na míonna, thug Dia Cogaidh na Rómhánach, Mars, a ainm don lá seo (agus do bharra seacláide) agus tá sé le feiceáil i go leor teangacha eile:
- Martes: Spáinnis
- Mardi: Fraincis
- Martedi: Iodáilis
- Marti: Románais
Anuas air seo, sna teangacha Gearmánacha, ainmníodh an lá seo i ndiaidh Týr, Dia Cogaidh na Lochannach.
Dé Céadaoin (An Chéadaoin)
Tá an ceann seo agus an dá lá ina dhiaidh ar eolas ag go leor daoine. Is comhfhocal é Céadaoin [Céad + Aoine] agus is tagairt don Troscadh (Aoine) a dhéanadh Críostaithe ar an lá seo fadó. Ba é seo an chéad aoine sa tseachtain (ceann eile dhá lá ina dhiaidh). Má éistear go géar le Gaeilge Thír Chonaill cloistear an ‘e’ deiridh fós sa gcaint. Ní dhéanann Caitlicigh an troscadh seo ó bhí Dara Comhairle na Vatacáine ann ach amháin ar Chéadaoin an Luaithrigh.
Déardaoin (An Déardaoin)
An Dé-Idir-Aoine. Dé idir an Chéad Aoine agus an Aoine. An lá idir dhá lá an troscaidh.
Dé hAoine (An Aoine)
Cosúil leis an gCéadaoin, is tagairt don Troscadh a dhéanadh Críostaithe an t-ainm seo. Is ar Aoine an Chéasta amháin a dhéanann Caitlicigh an lae inniu an troscadh.
Dé Sathairn (An tSatharn)
Lá deiridh na seachtaine. Ainmnigh na Rómhánaigh an lá seo i ndiaidh Saturnus (a thug a ainm do phlainéad freisin). Ba é a bhí i gceannais ar chéad uair an chloig an lá seo, de réir a gcreidimh, agus is dá bharr sin a ainmníodh an lá ina dhiaidh.
Arís, ba bhreá liom tuairimí, ceartúcháin agus eolas breise a chloisteáil uaibh 🙂
Bhí plé gairid ar Twitter cúpla lá ó shin faoi ainmneacha na míonna agus an bhrí atá leo. Ní saineolaí féilirí mé ach rinne muid togra maidir leis an ábhar seo ar scoil agus is cuimhin liom roinnt mhaith de. Ar ndóigh, ba mhór an cúnamh an Vicipéid agus Google agus an t-alt seo á scríobh agam. Tá go leor ainmneacha difriúla ar na míonna ar fud fad na tíre ach ní dhíreoidh mé ar chuile cheann acu mar nach bhfuil an t-eolas nó an spéis sin agam. Níl i gcuid mhaith acu ach litriú difriúil ar an bhfocal céanna de réir chanúint na háite (Bealtain, Bealtaine, Béaltaine ┐rl). Teastóidh stair bheag féilirí anseo go dtuigfidh muid an tionchar a d’imir na córais éagsúla ar fhéilire Gaeilge an lae inniu.
Dar leis tuarascáil Choiste an Oireachtais a foilsíodh inniu, níor cheart cosc a chur ar urraíocht ón tionscal dí i gcúrsaí spóirt. Is iad na heagraíochtaí spóirt a bheadh thíos lena leithéid de chosc a deir sí. Ag seoladh Rásaí na Gaillimhe inniu i mBaile an Bhriotaigh, bhí Méara nua-thofa Chontae na Gaillimhe, Liam Carroll, diongbháilte ina sheasamh i gcoinne an choisc; “Tá sé rí-thábhachtach go leanann na comhlachtaí alcóil ar aghaidh ag pulcadh airgid isteach sna himeachtaí spóirt”, a dúirt sé.
Tá sé luaite agam na mílte uaire nár cheart go mbeadh aon chomhlacht míshláintiúil ag tabhairt urraíochta chumainn spóirt nó d’imeachtaí. Idir dhá chomhairle atá mé, áfach, faoin gcaoi ar féidir é seo a bhaint amach. Mar atá feicthe againn arís agus arís eile, má bhrúitear dlí anuas is annamh a bhíonn fáilte roimhe. An bealach is fearr le n-urraíocht dí a ghlanadh amach ó shaol an spóirt ná rialacha tí (ó na heagraíochtaí spóirt) in áit dlíthe (ón Rialtas) a chur i bhfeidhm. Faraor, is ar éigean a thiocfaidh sé seo ón mbarr anuas – is ar an airgead a bhíonn súile na n-eagraíochtaí dírithe den chuid is mó seachas ar na teachtaireachtaí atá á gcur amach acu.
Cuirfidh mé i gcás An Cumann Luthchleas Gael. I mí Mhárta na bliana seo, dhiúltaigh Ard-Stiúrthóir an CLG, Páraic Duffy, go raibh nasc idir urraíocht alcóil sa spórt agus fadhb an olacháin sa tír seo. Go bhfios dom, ní dhearnadh staidéar cuimiseach ar an gceist seo go fóill ach luíonn sé le réasún go bhfuil nasc ann. Mar eagraíocht náisiúnta, níl ach urraitheoir alcóil amháin ag an CLG – Guinness – ach ag leibhéil na gcumann áitiúil is mionmhinic a thagann an maoiniú ó thithe tábhairne na mbailte beaga.
Ní fhéadfainn a rá go macánta go ‘n-imrím’ le Gaelchumann na hArdcathrach, Na Gaeil Óga, ach tá mé cláraithe leis agus is aige atá mo thacaíocht. Cuireann geansaí an chumainn isteach orm, áfach. Scríofa ar bhrollach chuile imreoir ná na focla ‘Club Chonradh na Gaeilge’. Cruthaíonn an urraíocht sin nasc láithreach idir na foirne éagsúla agus An Club. Ní aon chailleadh ar An gClub agus tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh áit ag Gaeil na cathrach le dhul ann i gcomhair cupla pionta ach ní dóigh liom gur cheart é a nascadh leis an spórt ar an gcaoi sin. Ar ndóigh, tá chuile imreoir de chuid NGÓ ar an eolas faoin gClub agus is ann a bhíonn aon chéiliúradh i ndiaidh cluiche nó sraithe. Ní call dúinn é a fhógairt ar na geansaithe. B’fhearr liom i bhfad dá bhfeicfeadh muid ‘An Siopa Leabhar’, ‘Conradh na Gaeilge’, ‘Iris Comhar’, nó comhlacht ar bith eile orainn.
Táthar ann a deir nach féidir an tacaíocht seo a thógáil ó na cumainn agus go dtitfeadh an tóin as an CLG dá ndéanfaí a leithéid. An é an chaoi nach bhfuil comhlacht ar bith eile atá in ann airgead a chur ar fáil do dhaoine óga? Tá a fhios agam gurb é Centra an Bhaile Bhoicht urrathóir na foirne sacar áitiúil agus gurb é Siopa an Phobail a thugann airgead do Chumann Mícheál Breathnach. Ag leibhéal na gcontaetha; bhíodh Vodafone luaite le nÁth Cliath agus Arnotts roimhe sin, feiceann muid ‘Brady’s Family Ham’ ar léinte na Lilí, Elvery’s (siopa spórt!) ar thosach fhir Mhaigh Eo agus Pat O’ Donnell ar bholg an Bhanner.
Dá ndéanfaí i gceart é – gan an greimín a tharraingt ró-sciobtha – ní fheicim fadhb dá laghad le deireadh a chur le n-urraíocht ó thionsal an óil.
Tuairimí?
Is breá liomsa an amhránaíocht agus is iad amhráin Átha Cliath na cinn is ansa liom. Thar aon cheann eile is é ‘Garbhlach Átha Cliath’ (The Rocky Road to Dublin) an ceann is fearr liom ach is minic a déarfainn ‘Monto’ freisin. Scríobhadh ‘Monto’ i lár an chéid seo caite agus mar sin is amhrán ‘nua’ é – níor scríobhadh mórán bailéad ina dhiaidh. Nuair a chum George Desmond Hodnett (25/2/18 – 24/9/90) é sa mbliain 1958 b’aoir é agus ag spochadh as na seanbhailéid a bhí sé. Nach mór an t-ioróin é go bhfuil sé ar cheann de na bailéid is cáiliúla a luaitear leis an Ardchathair sa lá atá inniu ann – buíochas le Raghnall Ó Draoi (16/9/38-16/8/08).
Ceacht gairid staire is ea an t-amhrán ach is annamh an duine a thuigfeadh na tagairtí uilig a luaitear ann – ní thuigim féin ceann nó dó. Níor tháinig mé ar mhíniú cruinn áit ar bith ar líne agus mar sin tugaim daoibh scéal an amhráin mar a thug m’athair domsa é 🙂
Fear mór na gcluichí bord mise agus b’annamh an laethanta saoire a chaith mé gan cluiche de shaghas éicinnt a imirt – go háirithe nuair in iarthar Chiarraí nó Chorcaí a bhí muid agus an bhaisteach ag stealladh anuas orainn. Dar ndóigh, cluichí Béarla a bhí againn i gcónaí toisc nárbh ann do chluiche bord Gaeilge (go bhfios dom). Tháinig gliondar croí orm, mar sin, nuair a fuair mé amach le linn shamhradh na bliana 2010 go raibh Scrabble tíocht amach as Gaeilge. Chonaic mé an ceann mór millteach do pháistí ach shíl mé go mb’fhéidir go raibh mé ruainne beag róshean dó sin…
Ceannaíodh an cluiche úd dom mar bhronntanas breithlae anuraidh agus bím á imirt ó ham go céile le cairde agus leis na tuistí. Seo daoibh mo léirmheas air: