Focal Off
Cheannaigh mé ríomhaire nua ag tús na bliana agus tá mé ag aistriú comhad agus fillteán ón Acer a bhí agam ó thosaigh mé ar an gcoláiste cúig bliana ó shin chuig an Macbook nua. Tá mé th’éis teacht ar go leor rudaí spéisiúla, seanghrianghraifeanna agus measúnachtaí ón gcéad bhliain agus araile ach i measc na gcomhad uileog bhí an cháipéis seo: Focal Off.
Ghlac mé páirt go rialta in imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh agus i rith Sheachtain na Gaeilge reáchtáladh cluiche “Focal Off”, a bunaíodh ar an gclár teilifíse “Countdown”. Sa gcáipéis a fuair mé bhí rialacha an chluiche mar a scríobh mé an t-am sin iad. D’imir dhá fhoireann – mic léinn agus léachtóirí – in aghaidh a chéile de réir na rialacha seo a leanas. Faraor géar ba ag na léachtóir a bhí an lá. Ní cuimhneach liom go baileach cé méid litir a bhí sna boscaí (gutaí, consain agus séimhithe) ach seo chugaibh na rialacha ar aon chaoi:
Focal Off
Rialacha
1. Is í an Ghaeilge teanga an chluiche – labhróidh imreoirí, moltóirí agus bean an tí an Ghaeilge amháin.
2. Beidh beirt ar an dá fhoireann.
3. Níl cead foclóir, ríomhairí nó áis ar bith eile a bheith ag imreoirí.
4. Ní bheidh ach litreacha Gaelacha amháin in úsáid:
a. a-b-c-d-e-f-g-h-i-l-m-n-o-p-r-s-t-á-é-í-ó-ú
b. Ní bheidh j-k-q-u-v-w-x-y-z in úsáid
5. Roghnófar naoi litir do gach babhta.
6. Beidh trí bhosca litreach ann. Ceann do chonsain, ceann do ghutaí agus ceann do shéimhithe (h).
7. Ní bheidh sínte fada le feiceáil ach glacfar leis go mbeidh siad ann má bheidh siad ag teastáil. Mar shampla, dá scríobhfaí ‘Fas’ ghlacfaí leis gur ‘fás’ a bheadh ann.
8. Bronnfar pointe do gach litir sa bhfocal. Cailín = seacht bpointe. Bronnfar pointí ar bhuaiteoir an bhabhta amháin.
9. Bronnfar ocht bpointe dhéag ar fhocail a bhainfidh úsáid as naoi litir.
10. Mairfidh gach babhta 30 soicind.
11. Beidh dubhfhocal amháin ag deireadh an chluiche.
12. Beidh babhta mata tar éis trí bhabhta litreach.
13. Focail:
a. Ceadófar focail Ghaeilge amháin
b. Ceadófar aon fhocal atá mar cheannfhocal i bhFoclóir Uí Dhomhnaill nó a thugtar mar aistriúchán ar fhocal Béarla i bhFoclóir de Bhaldraithe.
c. Ní cheadófar giorrúcháin: srl, uimh. rphost
d. Ní cheadófar leagan ar bith de bhriathar seachas an fréamh.
i. Ceadófar: ith, rith, déan bailigh, freastail
ii. Ní cheadófar: d’ith, rithinn, déanamh, baileoidh, freastalaíodh
e. Ceadófar réamhfhocail. Ní cheadófar forainmneacha réamhfhoclacha.
i. Ceadófar: do, le, i, ar, ó
ii. Ní cheadófar: dom, leat, ann, uirthi, uainn
f. Ní cheadófar ainmfhocail dhílse: Colm, Éire, Eircom.
g. Ní cheadófar focail iasachta: ‘baidhsacal’
h. Ní cheadófar ach an tuiseal ainmneach uatha agus iolra
i. Ceadófar: fear agus fir, bean agus mná
ii. Ní cheadófar: buachalla, ban
i. Ní cheadófar focail nach seasfaidh leo féin: frith-, réamh-, ró-
j. Ní cheadófar focail a mbraithfidh ar fhleiscín.
k. Ní cheadófar athruithe de bharr an ailt: t-éan, bhean, t-ollamh, bhliain.
l. Ceadófar gach leagan d’uimhir:
i. Dó
ii. Dhá
iii. Beirt
m. Ní cheadófar focail chanúnacha: focla, áiteachaí, achan