Beir go dtí an t-alt féin mé

Scrabbl-ach?

5ú Eanáir, 2013

Fear mór na gcluichí bord mise agus b’annamh an laethanta saoire a chaith mé gan cluiche de shaghas éicinnt a imirt – go háirithe nuair in iarthar Chiarraí nó Chorcaí a bhí muid agus an bhaisteach ag stealladh anuas orainn. Dar ndóigh, cluichí Béarla a bhí againn i gcónaí toisc nárbh ann do chluiche bord Gaeilge (go bhfios dom). Tháinig gliondar croí orm, mar sin, nuair a fuair mé amach le linn shamhradh na bliana 2010 go raibh Scrabble tíocht amach as Gaeilge. Chonaic mé an ceann mór millteach do pháistí ach shíl mé go mb’fhéidir go raibh mé ruainne beag róshean dó sin…
Ceannaíodh an cluiche úd dom mar bhronntanas breithlae anuraidh agus bím á imirt ó ham go céile le cairde agus leis na tuistí. Seo daoibh mo léirmheas air:

Aistriúchán an Chláir:

Ní raibh fadhb agam leis seo. Roghnaíodh focla iontacha le cur ar an mBéarla; ‘luach focail faoi thrí agus mar sin. Dar ndóigh ní rabhthas in ann Gaeilge a chur ar Scrabble é féin ós rud é gurbh ainmfhocal dílis a bhí ann agus ní aistrítear a leithéid.

Na Litreacha:

Ní maith liomsa na litreacha nua atá ag tíocht isteach sa nGaeilge (nó atá tagtha cheana féin is dócha!). Feictear dom gur féidir iad a sheachaint don chuid is mó leis na litreacha a bhí againn cheana féin. Cloítear leis an aibítir Ghaelach sa gcluiche seo. Ní fheicfear ‘zú’, ‘xileafón’ nó ‘veigeatór’ ar chláir Scrabble Gaeilge! ‘Gairdíní na nAinmhithe’, ‘cloigínseinnt’ agus ‘feoilséantóir’ amháin, le bhur dtoil. (Caithfidh mé a adhmháil anseo gur chruthaigh mé ‘cloigínseinnt’). Mar sin níl ach 23 litir le n-imirt leo; a,b,c,d,e,f,g,h,i,l,m,n,o,p,s,t,u,á,é,í,ó agus ú. Tá cúpla fadhb agam le líon na litreacha, áfach. Níl ach leagan fada amháin de chuile ghuta  agus tá i bhfad an iomarca ‘h’ ann: deich gcinn as ucht Dé! Sílim gur cuireadh ann iad le go mbeifí in ann briathra a litriú (tháinig, thug, imigh srl). Tharraing mé mo sheacht litir le linn cluiche amháin agus céard a bhí ann ach cúig ‘h’, ‘i’ agus ‘a’. Chaith mé súil ar an bhfoclóir i ndiaidh an chluiche agus, iontas na n-iontas, níl focal ar bith sa teanga ar féidir é a chruthú leis na litreacha sin.
Tá sé fíor-dheacair focla le gutaí fada a chruthú toisc nach bhfuil a ndóthain ar fáil don imreoir – ní a chaitear an ‘á’, sin é! An bealach timpeall seo ar a shocraigh muid ná go mbeadh cead an guta a síneadh dá mbeadh na cuide fada caite cheana féin.

An Imirt:

Bhí sé suimiúil, déarfaidh mé leat! D’imirínn Scrabble go minic thar na blianta agus mar sin bhí mé i dtaithí ar rialacha an chluiche ach é sin ráite ní raibh mé i dtaithí ar an nGaeilge mar theanga imeartha. Tá luachanna difriúla ag na litreacha ná mar atá i mBéarla agus chuir sé sin as go mór dom. An fhadhb ba mhó a bhíodh ann ná gur theastadh na litreacha céanna uaidh chuile dhuine chun focal mór a chur síos (aigh ag deireadh briathra srl) agus dhúntaí an clár go sciobtha le focla beaga a bhíodh ag  fanacht sa lár. Ní bheadh ach ollfhocal amháin ag teastáil leis an gclár a oscailt aríst – ach is fusa ráite ná déanta! Mholfainn an foclóir beag a bheith ar oscailt le do thaobh agus tú ag imirt ach mar a deir an seanfhocal ní maistreacht go cleachtadh agus táim cinnte go ngabhfá i bhfeabhas i ndiaidh cluiche nó dó. Is féidir pointí dochreidte a fháil le focla beaga mar gheall ar ‘luach focail faoi thrí’ – fuair mé féin 54 pointe as an bhfocal ‘pé’ [(10+8)(3)]!

Achoimre:

Ceannaigh é má tá fíorshuim agat i gcluichí cláir agus sa nGaeilge. Ní thaitneoidh sé leat muna dtaitníonn focail agus cruinneas teanga leat. É sin ráite, ní cluichí do dhaoine líofa amháin é agus is féidir an-chraic a bheith agat leis. Níl ach €18 air ó Ghlór na nGael. Ceannaigh é. Go on. 🙂

Advertisements

From → Siamsaíocht

Freagra

Freagra

Please log in using one of these methods to post your comment:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: