Skip to content

Is fearr an tsláinte ná táinte

2ú Deireadh an tSamhraidh, 2013

Dar leis tuarascáil Choiste an Oireachtais a foilsíodh inniu, níor cheart cosc a chur ar urraíocht ón tionscal dí i gcúrsaí spóirt. Is iad na heagraíochtaí spóirt a bheadh thíos lena leithéid de chosc a deir sí. Ag seoladh Rásaí na Gaillimhe inniu i mBaile an Bhriotaigh, bhí Méara nua-thofa Chontae na Gaillimhe, Liam Carroll, diongbháilte ina sheasamh i gcoinne an choisc; “Tá sé rí-thábhachtach go leanann na comhlachtaí alcóil ar aghaidh ag pulcadh airgid isteach sna himeachtaí spóirt”, a dúirt sé.
Tá sé luaite agam na mílte uaire nár cheart go mbeadh aon chomhlacht míshláintiúil ag tabhairt urraíochta chumainn spóirt nó d’imeachtaí. Idir dhá chomhairle atá mé, áfach, faoin gcaoi ar féidir é seo a bhaint amach. Mar atá feicthe againn arís agus arís eile, má bhrúitear dlí anuas is annamh a bhíonn fáilte roimhe. An bealach is fearr le n-urraíocht dí a ghlanadh amach ó shaol an spóirt ná rialacha tí (ó na heagraíochtaí spóirt) in áit dlíthe (ón Rialtas) a chur i bhfeidhm. Faraor, is ar éigean a thiocfaidh sé seo ón mbarr anuas – is ar an airgead a bhíonn súile na n-eagraíochtaí dírithe den chuid is mó seachas ar na teachtaireachtaí atá á gcur amach acu.

Cuirfidh mé i gcás An Cumann Luthchleas Gael. I mí Mhárta na bliana seo, dhiúltaigh Ard-Stiúrthóir an CLG, Páraic Duffy, go raibh nasc idir urraíocht alcóil sa spórt agus fadhb an olacháin sa tír seo. Go bhfios dom, ní dhearnadh staidéar cuimiseach ar an gceist seo go fóill ach luíonn sé le réasún go bhfuil nasc ann. Mar eagraíocht náisiúnta, níl ach urraitheoir alcóil amháin ag an CLG – Guinness – ach ag leibhéil na gcumann áitiúil is mionmhinic a thagann an maoiniú ó thithe tábhairne na mbailte beaga.

Ní fhéadfainn a rá go macánta go ‘n-imrím’ le Gaelchumann na hArdcathrach, Na Gaeil Óga, ach tá mé cláraithe leis agus is aige atá mo thacaíocht. Cuireann geansaí an chumainn isteach orm, áfach. Scríofa ar bhrollach chuile imreoir ná na focla ‘Club Chonradh na Gaeilge’. Cruthaíonn an urraíocht sin nasc láithreach idir na foirne éagsúla agus An Club. Ní aon chailleadh ar An gClub agus tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh áit ag Gaeil na cathrach le dhul ann i gcomhair cupla pionta ach ní dóigh liom gur cheart é a nascadh leis an spórt ar an gcaoi sin. Ar ndóigh, tá chuile imreoir de chuid NGÓ ar an eolas faoin gClub agus is ann a bhíonn aon chéiliúradh i ndiaidh cluiche nó sraithe. Ní call dúinn é a fhógairt ar na geansaithe. B’fhearr liom i bhfad dá bhfeicfeadh muid ‘An Siopa Leabhar’, ‘Conradh na Gaeilge’, ‘Iris Comhar’, nó comhlacht ar bith eile orainn.

Táthar ann a deir nach féidir an tacaíocht seo a thógáil ó na cumainn agus go dtitfeadh an tóin as an CLG dá ndéanfaí a leithéid. An é an chaoi nach bhfuil comhlacht ar bith eile atá in ann airgead a chur ar fáil do dhaoine óga? Tá a fhios agam gurb é Centra an Bhaile Bhoicht urrathóir na foirne sacar áitiúil agus gurb é Siopa an Phobail a thugann airgead do Chumann Mícheál Breathnach. Ag leibhéal na gcontaetha; bhíodh Vodafone luaite le nÁth Cliath agus Arnotts roimhe sin, feiceann muid ‘Brady’s Family Ham’ ar léinte na Lilí, Elvery’s (siopa spórt!) ar thosach fhir Mhaigh Eo agus Pat O’ Donnell ar bholg an Bhanner.

Dá ndéanfaí i gceart é – gan an greimín a tharraingt ró-sciobtha – ní fheicim fadhb dá laghad le deireadh  a chur le n-urraíocht ó thionsal an óil.

Tuairimí?

Advertisements

From → Gan rang

One Comment
  1. Táim aineolach ar chúrsaí chlub agus spóirt, ach is cinnte nach Grá Dé a spreagann comhlachtaí agus tábhairní le urraíocht a dhéanamh – táid ag íoc as fógraíocht. Ach an bhfuil gnó eile áitiúil a bheadh in ann leas a bhaint as an deis urraíochta?

Freagra

Please log in using one of these methods to post your comment:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: