Skip to content

An Féilire

18ú Samhain, 2013

Bhí plé gairid ar Twitter cúpla lá ó shin faoi ainmneacha na míonna agus an bhrí atá leo. Ní saineolaí féilirí mé ach rinne muid togra maidir leis an ábhar seo ar scoil agus is cuimhin liom roinnt mhaith de. Ar ndóigh, ba mhór an cúnamh an Vicipéid agus Google agus an t-alt seo á scríobh agam. Tá go leor ainmneacha difriúla ar na míonna ar fud fad na tíre ach ní dhíreoidh mé ar chuile cheann acu mar nach bhfuil an t-eolas nó an spéis sin agam. Níl i gcuid mhaith acu ach litriú difriúil ar an bhfocal céanna de réir chanúint na háite (Bealtain, Bealtaine, Béaltaine ┐rl). Teastóidh stair bheag féilirí anseo go dtuigfidh muid an tionchar a d’imir na córais éagsúla ar fhéilire Gaeilge an lae inniu.

Ba iad na Rómhánaigh a thug an féilire atá in úsáid againn sa lá atá inniu ann dúinn. Anois, chuir muid ár n-ainmneacha féin ar chorrmhí ach ba é an Pápa Gréagóir XIII a thug an leagan amach maidir le fad na míonna ┐rl dúinn. Chuir Gréagóir a fhéilire, An Féilire Gréagórach, in áit An Fhéilire Iúil – an ceann a chur Iúl Caesar i bhfeidhm cúpla céad bliain roimhe sin. Bunaithe ar sheanfhéilire na Rómhánach atá na féilirí seo agus tá tionchar chreideamh na Rómhánach le feiceáil go tréan ann ag tús na bliana go háirithe. Ghlac an Béarla le níos mó ainmneacha Rómhánacha dá fhéilire ach choinnigh an Ghaeilge go leor ainmneacha dá cuid féin.

De réir na bhfinscéalta, leag Romulus an chéad fhéilire Rómhánach amach agus ba fhéilire gealaí é sin. Is é sin le rá gur bunaithe ar ghluaiseacht na gealaí a bhí sé seachas ar ghluaisceacht na gréine mar atá an ceann s’againne anois. Bhí deich mí sa bhféilire seo agus míneoidh sé sin an mearbhall a bhíonn ar lucht an Bhéarla nuair a thugann siad faoi deara gurb é September (7) an naoú mí 🙂 Níor bhac na Gaeil le córas na n-uimhreacha agus mar sin ní chuireann sé isteach orainn.

Seo daoibh míonna an tseanfhéilire mar a bhí:

  • Martius
  • Aprilis
  • Maius
  • Iunius
  • Quintilis
  • Sextilis
  • September
  • October
  • November
  • December

Agus, ar fhaitíos na bhfaitíos, seo daoibh míonna ár bhféilire féin:

  • Eanáir
  • Feabhra
  • Márta
  • Aibreán
  • Bealtaine
  • Meitheamh
  • Iúil
  • Lúnasa
  • Meán Fómhair
  • Deireadh Fómhair
  • Samhain
  • Nollaig

Eanáir

Is ó na Rómhánaigh a fuair muid an t-ainm seo. Ní raibh an mhí ag an seandream ach chuir Numa Pompilius leis an bhféilire í nuair a rinneadh sé athchóiriú ar an seanleagan sa bhliain 753 (nó thart uirthi). Ba é an dia Ianus a thug a ainm don mhí seo; Dia na nGeataí, Dia na nDoirse agus Dia an Túis agus an Deiridh. Tá sé ina airíoch agus coinníonn sé súil ar an athrú ó bhliain amháin go bliain eile. Thug sé a ainm, freisin, d’airígh an Bhéarla tríd an focal Laidine ar dhoras “Ianua” agus ar dhoirseoir “Ianitor” nó “Janitor” an Bhéarla. Eanár ba cheart a bheith air ach tá an ginideach i bhfeidhm an ainmnigh go mór mór anois mar gheall ar “Mí Eanáir”.

Feabhra

Dia Rómhánach an Ionghlanta ba ea Februus a thug ainm don mhí seo agus do phróiseas sin an ionghlanta ‘an fiabhras’. Ghlantaí na garrantaí an t-am seo den bhliain len iad a réiteach do chur na chéad bhliana eile. Chuir Numa Pompilius an mhí seo leis an bhféilire nuair a chuir sé Eanáir leis freisin, ag deireadh na bliana. Bhain sé, mar sin, leis na mairbh agus réiteach do bhliain úr.

Márta

Tá aithne i bhfad níos fearr againn uilig ar an Dia a thug a ainm don mhí seo (Márta), do phlainéad (Mars nó Máirt mar a bhíodh air)  agus do lá (Dé Máirt). Beidh aithne acu siúd a thug cuairt ar an Róimh freisin ar Mhagh Márta (Campa Marzio) ar an Dia Cogaidh Mars. Bhí an dia seo thar a bheith tábhachtach do na Rómhánaigh mar ba é athair Romulus agus Remus – bunaitheoirí na cathrach. Ag tús na bliana bhíodh an mhí seo sular méadaíodh an féilire le hEanáir agus Feabhra agus lán go béal a bhíodh sé le féilte agus céiliúrthaí ar fhilleadh shéasúr na bhfeilméarachta, na seoltóireachta agus an chogaidh. Ba í Béineas a ghrá geal agus mar sin fuair lucht an Bhéarla a nath “Men are from Mars, women are from Venus”. B’fhéidir go n-aithneoidh sibh a shiombail freisin: Mars?

“An Mháirt” atá air ó cheart ach cosúil le “Eanáir” fágadh leis an nginideach i bhfeidhm an ainmnigh ó “Mí na Márta”/”Mí Mhárta”.

Aibreán

Cé gur thug na Rómhánaigh an t-ainm seo dúinn freisin, ní dia a bhí in Aprilis. D’eascair an focal sin ón mbriathar apertio a chiallaíonn ‘oscail’ agus a thagraíonn d’oscailt na mbláthanna an t-am seo den bhliain. Ba le linn na míosa seo a d’imrítí Cluichí Bhláithín (The Flora Games) agus a dhéantaí céiliúradh ar bhunú na cathrach. D’ainmingh Seanad na Róimhe an mhí seo i ndiaidh an Impire Nero (Neronius) ach níor mhair sé sin i bhfad!

Bealtaine

Féile mhór Cheilteach í seo a dhéanadh céiliúradh ar theacht an tsamhraidh. Is focal Ceilteach é Bealtaine a chiallaíonn ‘tine gheal’ agus ba dhlúthchuid den fhéile na tinte móra seo. Ba ar Oíche Bhealtaine a las Pádraig Naofa an tine i Sláine a chur an deargfhearg ar Ard-Rí na hÉireann ina bhrú ar Chnoc Teamhrach. Lastaí dhá thine agus ar Lá Bealtaine agus sheoltaí eallach eatarthu len iad a chosaint ó aicídí agus ó ghalra. Tagraíonn ‘idir dá thine lae Bealtaine’ (rogha an dá dhíogha) dó seo. D’fhéadfainn aiste a scríobh ar Bhealtaine agus na féilte Ceilteacha ach ní chuige sin an mhír seo! Tá ainm eile ar an mí seo “Céadamhain” a d’eascair ó ‘Céad Shamhain’ mar gurbh iad Bealtaine agus Samhain dhá cheann na bliana.

Meitheamh

Ainm eile Ceilteach anseo agus ní bhfuair mé a bhunús go dtí cúpla lá anuas (buíochas le Dennis King!) ach de réir mo thuisceana is ón tSeanGhaeilge a tháinig sé agus ciallaíonn sé Midh Shamhraidh (Meán Samhraidh ar nós Meán Fómhair). Dar leis an Duinníneach ciallaíonn an focal ‘meánmhí aon séasúir’ agus tugann sé Meitheamh Geimhridh (Nollaig), Meitheamh Fómhair (Meán Fómhair) agus Meitheamh Earraigh (Márta).

Iúil

Seo é an t-ainm deireanach a fuair muid ó na Rómhánaigh agus is ón bhfear a thug isteach an Féile Iúil a fuair muid é. Iúl Caesar, Impire na Róimhe, a thug a ainm Julius don mhí seo ar a mbíodh Quintilus cheana (an cúigiú mí). Arís, ginideach i bhfeidhm an ainmnigh: Iúl > Mí Iúil > Iúil.

Lúnasa

Ainmníodh Mí Lúnasa do Lú Lámhfhada, dia an tsolais, athair Chon Chulainn ┐rl. Mar a dúirt mé, ní chun finscéalta na gCeilteach a a scríobh mé an mhír seo ach mar mhírín eolais ar bhunús na n-ainmneacha. Thug Lú a ainm do go leor rudaí eile ar nós Contae Lú agus Lyons na Fraince. Tráth den saol, d’imrítí cluichí ar nós na gCluichí Oilimpeacha le linn a fhéile (Lúnasa) ach d’imigh an nós sin blianta ó shin. Tá cluichí ann anois a thógann an t-ainm ach nach bhfuil Gaelach ná Ceilteach ar chor ar bith. Is é seo tús an fhómhair agus is dóigh go bhféadfadh muid an t-ainm sin a chur ar an mí freisin agus luífeadh sí lena deirfiúracha “Tús Fómhair, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair.” Mí Lúnasa ó cheart mar tagraíonn ‘Lúnasa’ don fhéile a thiteadh ag deireadh Mhí Iúil/tús Mhí Lúnasa.

Meán Fómhair/Deireadh Fómhair

An-leadránach ar fad agus díreach mar a cheapfá – titeann na míonna seo i lár agus ag deireadh an fhómhair.

Samhain

Mar an gcéanna le Lúnasa agus le Bealtaina, ba cheart “Mí na Samhna” a thabhairt uirthi seo toisc gurb í “Samhain” an tseanfhéile Cheilteach ach tá an nós sin ag athrú anois agus cloisim ‘Samhain’ léi féin go han-mhinic. Seo é tús na bliana Ceiltí agus tá cáil dhomhanda uirthi faoin ainm eile sin ‘Hallowe’en’ (nó Halloween i Meiriceá, áit nach maith leo uaschamóga). Tháinig cuid mhaith de na deasghnátha slán ach tá siad truaillithe go maith ó bhí na Ceiltigh ar an saol (“bob nó bia!”). Cloisim gur “Sam+fuin” an bunús atá leis, sé sin le rá ‘Deireadh an tSamhraidh”. Samfhuin >Samhain. Tá ainm eile ar an mí, “Mí na Moingfhinne” ach níor chuala mé in úsáid mar ghnáthainm ariamh. Tagraíonn sé sin do bhandia a bhaineann leis an sneachta go bhfios dom.

Nollaig

Focal Laidine eile é seo, natalicius, a tháinig chugainn tríd an gCríostaíocht agus a chiallaíonn ‘breith’ nó ‘lá breithe’. Tá sé le feiceáil i dteangacha eile na hEorpa agus an domhain Chríostaí:

  • Nedeleg: Briotánais
  • Nadelik: Coirnis
  • Natalizie: Iodáilis
  • Natal: Portaingéilis
  • Nollaig: Gaeilge na hAlban
  • Navidad: Spáinnis

Míle fáilte roimh mholtaí, cheartúcháin agus eolais!

Advertisements

From → Sanasaíocht

Freagraí: 4
  1. Marcus permalink

    Ardfhear

  2. Suimiúil, go raibh maith agat!

  3. Weihnachten Nollaig sa Ghearmáinis, i ndiaidh an fhéile. Weih = beannacht, i. Oíche Bheannaithe.

    (Tá scata ainmneacha spéisiúla sa Ghearmáinis an na míonna ach iad tite i léig.)

    • Maitiú permalink

      Suimiúil! Nach dtugtar ‘Oíche mhic Dé’ ar an Nollaig i nGaeilge freisin?
      Bheadh suim agam alt ar shanasaíocht na míonna Gearmáinise a léamh dá mbeadh fonn ort féin ceann a scríobh 🙂

Freagra

Please log in using one of these methods to post your comment:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: