Skip to content

Brian Bóirimhe

21ú Aibreán, 2014

Seo scéal Bhriain Bóirimhe as leabhar gasúr atá agam:

Bhí treibh an uair sin san áit ar a dtugtar Contae an Chláir anois. Dál gCais a tugtaí orthu. Níor threibh rómhór iad, ach bhíodar cróga calma, agus is minic a bhídís ag troid leis na Lochlannaigh.
Mathghamhain mac Cinnéide a bhí ina rí orthu. Bhí deartháir óg ag Mathghamhain, Brian ab ainm dó sin.
I gceann tamaill rinne Mathghamhain rí de féin ar an Mumhain ar fad. Maraíodh é roinnt bhliain ina dhiaidh sin, ach d’éirigh le Brian an ríocht a ghabháil dó féin. Ba ghairid an mhoill air a naimhde a chur faoi chois agus rí mór láidir a dhéanamh de féin.
Ach ní raibh sé sásta. Theastaigh uaidh a bheith ina Ard-Rí ar an tír ar fad.
Maoilseachlainn a bhí ina Ard-Rí an uair sin. Fear cróga ab ea Maoilseachlainn, agus is mó cath a bhris sé ar na Lochlannaigh. Thuig sé nár mhaith an ní don tír é féin agus Brian a bheith ag troid lena chéile. Dá brí sin ghéill sé dó, agus as sin amach bhí Brian ina Ard-Rí. Bhí síocháin in Éirinn go ceann tamaill ina dhiaidh sin. Bíodh nach le ceart a rinne Brian Ard-Rí de féin, rí an-mhaith ab ea é. Chuir sé mainistreacha agus scoileanna suas ar fud na tíre. Fuair sé leabhair agus seoda uaisle ó thíortha eile in ionad na seod a bhí scriosta ag na Lochlannaigh. Rinne sé bóithre agus droichid, agus chuir sé méirligh faoi chois.
Níorbh fhada a mhair an tsíocháin. Bhí Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath an-láidir fós, agus fuaireadar cabhair óna ngaolta i dtíortha eile. Tháinig fir armtha agus loingeas go Baile Átha Cliath chun cabhrú leo.

I gCluain Tarbh a thug an dá shlua cath dá chéile, Aoine an Chéasta, i mbliain a 1014. Murchadh, mac le Brian, a bhí i gceannas na nGael, mar bhí Brian féin ró-aosta chun troda. D’fhan sé ina bhoth, agus ag guibhe Dé an rath a chur ar na Gaeil an lá sin.
Briseadh ar na Lochlannaigh. Maraíodh na mílte acu, agus theith an chuid eile. Cheapadar dul thar áth ar Abhainn na Tulchan, ach bhí tuile san abhainn agus bádh a lán acu.
Bhí an lá leis na Gaeil, ach ní saor a chuadar féin as. Maraíodh Murchadh sa gcath, agus maraíodh Brian ina bhoth féin istigh. Bádh mac Murchadha san abhainn agus é ag leanacht na Lochlannach.
Briseadh ar chumhacht na Lochlannach an lá sin. D’fhan a lán acu in Éirinn ina dhiaidh sin , ach ní dhearna siad aon iarracht eile ar an tír a ghabháil dóibh féin. Diaidh ar ndiaidh mheascadar le muintir na hÉireann agus i gceann tamaill bhíodar chomh Gaelach leis na Gaeil iad féin.

Advertisements

From → Gan rang

Freagra

Freagra

Please log in using one of these methods to post your comment:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: