Beir go dtí an t-alt féin mé

Sráid Uí Fhoghlú

3ú Aibreán, 2013

Is breá liomsa an amhránaíocht agus is iad amhráin Átha Cliath na cinn is ansa liom. Thar aon cheann eile is é ‘Garbhlach Átha Cliath’ (The Rocky Road to Dublin) an ceann is fearr liom ach is minic a déarfainn ‘Monto’ freisin. Scríobhadh ‘Monto’ i lár an chéid seo caite agus mar sin is amhrán ‘nua’ é – níor scríobhadh mórán bailéad ina dhiaidh. Nuair a chum George Desmond Hodnett (25/2/18 – 24/9/90) é sa mbliain 1958 b’aoir é agus ag spochadh as na seanbhailéid a bhí sé. Nach mór an t-ioróin é go bhfuil sé ar cheann de na bailéid is cáiliúla a luaitear leis an Ardchathair sa lá atá inniu ann – buíochas le Raghnall Ó Draoi (16/9/38-16/8/08).

Ceacht gairid staire is ea an t-amhrán ach is annamh an duine a thuigfeadh na tagairtí uilig a luaitear ann – ní thuigim féin ceann nó dó. Níor tháinig mé ar mhíniú cruinn áit ar bith ar líne agus mar sin tugaim daoibh scéal an amhráin mar a thug m’athair domsa é 🙂

Liricí:


If you’ve got a wingo,

Take her up to Ringo,

Where the waxies singo,

All the day.

If you’ve had your fill of porter,

And you can’t go any further,

Give your man the order,

Back to the quay!

Take her up to Monto, Monto, Monto,

Take her up to Monto, langeroo, to you!

You’ve heard of Buckshot Foster,

The dirty old imposter,

He took his mot and lost her,

Up the Furry Glen.

He first put on his bowler,

Then he buttoned up his trousers,

And he hollered for a growler,

And said: ‘My man –

Take me up to Monto, Monto, Monto,

Take me up to Monto, langeroo, to you!’

You’ve seen the Dublin Fusiliers,

The dirty old bamboozliers,

De Wet’ll kill them chislers, one, two, three.

Marching from the Linen Hall,

For everyone a cannonball,

And Vicky’s going to send them all,

Over the sea.

But first go up to Monto, Monto, Monto,

March them up to Monto, langeroo, to you!

When Carey told on Skin-the-Goat

Ó Domhnaill caught him on the boat,

He wished he’d never been afloat,

The dirty skite.

It wasn’t very sensible,

To rat on the Invincibles,

They stand up for their principles,

Day and night.

And you’ll find them all in Monto, Monto, Monto,

You’ll find them all in Monto, langeroo, to you!

When the Czar of Russia,

And the King of Prussia,

Landed in the Phoenix,

In a big balloon,

They asked the police band,

To play the wearing of the green,

But the buggers in the depot,

Didn’t know the tune.

So they all went up to Monto, Monto, Monto,

They all went up to Monto, langeroo, to you!

The queen she came to call on us,

She wanted to see all of us,

Thank God she didn’t fall on us,

She’s eighteen stone.

‘Why Mr Lord Mayor,’ says she,

‘Is this all you’ve got to show to me?’

‘Why, no Ma’am! There’s some more to see,

Póg mo thóin!’

And he took her up to Monto, Monto, Monto,

He set her up in Monto, langeroo, to you!

Míniúchán

  1. Wingo. An tseanphingin a bhíodh in úsáid sular tháinig an deachúlú isteach sna 1970idí. 1d mar a d’fheictí uirthi, ó ‘denarius’ na Róimhe – LSD nó £sd = libra, solidus, dinaraius agus sin a fáth go n-úsáidtear ‘lb’ i gcomhar punt meáchain. Bhí Cruit na hÉireann ar thaobh amháin, mar a bhíonn sa lá atá inniu ann, agus cearc agus a hál ar an taobh eile. Ba mhór an sciathán ar an gcearc seo agus ba as seo a tháinig an leasainm ‘wingo’. (Wing = sciathán. Is minic a chuirtear ‘o’ ag deireadh ainm i mBéarla Átha Cliath).
  2. Ringo. An Rinn (Áth Cliath) atá i gceist anseo. Is iomaí slí atá ann leis an bhfocal sin a rá /re:n/, /rin/, /rain/ srl. Is cosúil go ndeirtí Ring i nGaeilge na cathrach agus ba as sin a d’eascair ‘Ringsend’ mar a thugtar sa lá atá inniu ann air.
  3. Waxie. Tá a n-amhrán féin ag na waxies i “Waxies’ Dargle” ach cérbh iad féin? D’úsáidfeadh na waxies céir (wax i mBéarla) agus iad i mbun deisiú ar bhróga – gréasaithe ba ea iad. Cén fáth a mbeadh na gréasaithe seo sa Rinn agus cén fáth a mbeidís ag canadh ann? Tagann muid ar ais chuig The Waxies Dargle chun freagra na gceisteanna sin a aimsiú. Céard is Dargle ann? Abhainn a bhfuil a foinse aici i gCill Mhantáin agus a thagann chun farraige i mBré. Glaonn muide ‘An Deargail’ uirthi. Théadh na huaislí ar saoire ar bhruacha na habann seo in Áth na Scéire, i mBré agus in aiteachaí eile nach iad i gCill Mhantáin. Fleadh nó Féasta a bhí i ‘Dargle’ sa gciall áirithe seo. Bhíodh a nDargle féin ag na Waxies sa Rinn. Glacaim leis go raibh pingin amháin ar an turas ón Lár go dtí an Waxies Dargle. (Táthar ann a deir gur choinnleoirí a bhí sna waxies. Glaoítear ‘An Dairchoill’ ar ‘An Deargail’ corruair. Tá leac i mBaile na nGael a léiríonn an áit.)
  4. The Quay. An Lár. Ciallaíonn an rannín seo ‘má tá tú ró-ólta, abair leis an tiománaí é agus gabh siar chun na cathrach – chuig Monto b’fhéidir?)
  5. Monto. Sráid Uí Fhoghlú agus an ceantar máguaird. Nuair a bunaíodh an saorstát ag tús an chéid seo caite athraíodh go leor logainmneacha timpeall na tíre: Kingstown, Marysborough, Queenstown agus King’s County ina measc. Chomh maith leis sin, athraíodh ainmneacha na sráideanna. An tsráid ar a nglaoítear ‘Sráid Uí Fhoghlú’ anois, glaodh ‘Montgomery Street’ san am a chuaigh thart uirthi. Thug an tsráid sin a ainm don cheantar thart thimpeall uirthi: Sráideanna Talbóid, Amiens, Gardnair agus Seán Mac Diarmada. Bhí drochcháil ar an áit (nó deacháil – braitheann sé ar do shuimeanna féin!) mar gheall ar líon na ndrúthlann a bhíodh ann. Dúnadh iad uilig sna fichidí (Léigiún Muire – nár laga Dia iad :P) agus bheadh dearmad déanta anois air murach an t-amhrán seo.
  6. Buckshot Forster. William Edward Forster. Ardrúnaí na hÉireann 1880-82. Glaodh ‘Buckshot’  air toisc gurbh é a thug an cead do phóilíni na Breataine in Éirinn an cineál sin urchair a chaitheamh ar shlua. Níl a fhios agam cén fáth ar ‘dirty old imposter’ é. Bhí sé i gcoinne an Rialtais Bhaile agus thug sé isteach Coercion Act isteach agus chuir sé Parnell i bpriosún ar feadh tamaill. Maraíodh an fear a tháinig ina dhiaidh i bPáirc an Fhionnuisce agus déantar tagairt dó sin níos deireanaí san amhrán. (Scaití cloistear ‘The Grand Old Duke of Gloucester in áit Buckshot Forster – níl aon eolas agam air sin).
  7. Mot. Béarlagair Átha Cliath ar ‘cailín’ (sa gciall romansúil – ‘mo chailín’). Maítear gur ‘moth’ atá ann dáiríre ach ‘mot’ a chloisfinnse agus a léifinnse i gcónaí.
  8. Lost her…my man. Níl mórán eolais agam faoi seo agus ba bhreá liom cloisteáil uaibh! Furry Glen – áit i bPáirc an Fhionnuisce. Bowler – hata. Growler – ‘tacsaí’ na linne sin. Deirtear go minic go gciallaíonn sé ‘striapach’. Tá bunús leis an tuairim sin ach tá sé mícheart. Is éard is brí le ‘growler‘ i mbéarlagair an lae inniu ná ‘gabhal’ nó ‘pit’ ach ós rud é nach féidir ‘holler’ a dhéanamh ar phit agus a bheith ag súil le freagrair uaithi (nó ‘my man’ a ghlaoch uirthi…) ceaptar go ag tagairt d’úinéar na pite sin atá an t-amhránaí. Ní hea. Hansam atá ann – caráiste beag agus capall.
  9. Dublin Fusiliers. The Royal Dublin Fusiliers. Reisimint in Arm na Breataine a bhí lonnaithe i Nás na Ríogh. Throid sí ar son na Breataine i gCogadh na mBórach (an dara ceann 1890-1900). Níor réitigh siad go maith leis na Náisiúnaithe in Éirinn agus sin an fath go nglaoítear ‘dirty old bamboozliers’ orthu (no, ní focal ceart é sin). Má chuireann tú suim iontu, is féidir a n-ainmneacha go léir a léamh ar Phóirse na Fusiliers ar Fhaiche Stiabhna – ag béal Shráid Ghrafton. Is minic a ghlaoítear “Traitors’ Gate” (Geata na mBrathadóirí) ar an ngeata úd.
  10. De Wet. Christiaan de Wet. Ginearál na mBórach.
  11. Chiselers. Gasúir/páistí. Béarlagair Átha Cliath atá ann anseo. Is minic a chloistear ‘childer’ freisin. Tuigtear dom go bhfuil an focal céanna acu i mBéal Feirste. Tá an t-amhránaí ag rá gur aineolaithe atá iad fir a throidfidh sa gcogadh agus go maróidh na Bóraigh na Fusiliers ina dhuine agus ina dhuine. Maraíodh 700 Fusilier le linn an chogaidh.
  12. The Linen Hall. The Dublin Linen Hall. Ar Shráid Chéipil a bhíodh sé seo (tá Linenhall Street gar go maith don áit). Faoin am a tháinig na Fusiliers ar an saol, bhí an gnólacht th’éis bogtha ó thuaidh go Béal Feirste (tá stair ag baint leis an teach sin freisin ar ndóigh). Ghlac Arm na Breataine sealbh ar an bhfoirgneamh sna 1870idí agus d’úsáidtí í mar bheairic ar feadh tamaill. Dódh go talamh é le linn Éirí Amach na Cásca.
  13. Vicky’s…sea. Banríon Buadhnait Shasana. Queen Victoria ina teanga féin. Sheol sí na Fusiliers chun cogaidh trasna na dtonnta san Afraic.
  14. Carey. James Carey. Bhí lámh aige i nDúnmharaithe Pháirc an Fhionnuisce. Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas Phoblacht na Éireann ó 1861 go dtí 1881. Scair sé uathu agus bhunaigh sé The Irish National Invincibles. I ndiaidh na nDúnmharaithe, gabhadh ar Carey agus rinne sé an feall ar a chomhghleacaithe agus dá bharr sin cuireadh cúigear acu chun báis.
  15. Skin-the-Goat. Leasainm a bhí ar James Fitzharris – duine de na hInvincibles. Gabhadh air i ndiaidh fill Carey ach níor cuireadh chun báis é toisc nár mharaigh sé éinne é féin. Cuireadh i bpriosún sa mbliain 1893 é ar feadh seacht mbliana déag. Bhí an-mheas ag muintir na hÉireann air toisc nár dhúirt sé tada ariamh faoi na dúnmharaithe. Níl a fhios agam an fáth a dtugtaí ‘Skin-the-Goat’ air agus ba bhreá liom aon eolas a chloisteáil faoi.
  16. Ó Domhnaill…afloat. Pádraig Mhícheál Airt Ó Domhnaill. I ndiaidh a fhill, chuaigh James Carey chun na hAfraice le n-éalú óna hInvincibles. Bhí Ó Domhnaill – ar Phobhlachtánach é – ar bord loinge ar a raibh Carey. Fuair sé amach cérbh é féin i Kaapstad na hAfraice Theas agus agus chaith sé trí urchar leis – á mharú. Bhí cás cúirte fada casta ann agus ag an deireadh thiar thall cuireadh chun báis é. Cuireadh cros Cheilteach sna Doirí Beaga i gcuimhne air sa mbliain 1954. Táthar ann a deir gur bhunaigh Arthur Conan Doyle ‘The Valley of Fear’ ar eachtraí Uí Dhomhnaill. (Ceapaim gur leagan séimhithe de ‘shite’ é ‘skite’ ach níl mé cinnte)
  17. The Invincibles. The Irish National Invincibles. Grúpa radacach a d’eascair ón BPÉ sa mbliain 1881 agus a mharaigh Thomas Henry Burke agus Lord Frederick Cavendish i bPáirc an Fhionnuisce i mí Bhealtaine 1882.
  18. Csar…balloon. Go bhfios dom níor leag ceachtar den bheirt seo cois i bPáirc an Fhionnuisce riamh. Cúnamh?
  19. Police…tune. Is minic a deirtear ‘garda band’ anseo ach baineann sé sin de chiall na habairte. Tá nasc láidir idir ‘The Wearing of The Green’ agus Éirí Amach 1798. Is éard atá á rá ag an amhránaí anseo ná ‘ní raibh póilíní seo na Breataine in ann an fonn Éireannach seo a chasadh’. Níor cheart dóibh a bheith in Éirinn srl. (Déarfadh m’uncail ‘but the fuckers’ in áit ‘but the buggers’. Ach is fear thar a bheith gairsiúil é!)
  20. The Queen…all of us. Chuir an bhanríon Buadhnait cuairt ar Bhaile Átha Cliath sa mbliain 1900. Níor leag sí cois ar an taobh thuaidh (ba bhoichte) – b’fhéidir nach raibh sí ag iarraidh muid uilig a fheiceáil?
  21. Thank God…stone. Bhí an bhanríon thar a bheith ramhar.
  22. Why…thóin’. Ba é An tArdmhéara Thomas Pile treoraí na banríona le linn a cuairte ach is cosúil go raibh sé míchompóirteach leis sin – in aineonn gurbh é a mhol an chuairt. Ba náisiúnaí é agus cé go ndearna sé a raibh le déanamh agus thaispeán sé meas di, nuair a chuir sí an cheist air d’iompaigh sé ar an nGaeilge le n-í a mhaslú. Chuirfeadh an cleachtadh sin na hamhráin mhacarónacha i gcuimhne daoibh.

Sin a bhfuil le rá agam faoi sin a chairde! Má tá eolas ar bith agat, fág trácht le do thoil. Déanfaidh mé iarracht pictiúir a chur leis an alt seo as seo amach.

From → Gan rang

Freagraí: 3
  1. Maitiú permalink

    Ah! Thar cionn, go raibh maith agat a Aonghuis. Déarfainn go gcloistear an leagan eile ó am go chéile freisin.

  2. anghealachmhor11 permalink

    Seo an-suimúil ar fad.